
Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh
Big O Taxis Agus An Ghaeilge
Ag freastal le bród ar mhuintir na Gaillimhe ó 1968!
- Tá Big O Taxis reastal le bród ar mhuintir na Gaillimhe ó 1968.
- Ó 1968, tá fás ollmhór tagtha orainn. Is muid an comhlacht tacsaí is mó in Iarthar na hÉireann le hos cionn 150 feithicil, ina measc, tá tacsaí oiriúnach do chathaoir rothaí, tacsaí feidhmeannach, agus tacsaí 5, 6, 7 agus 8 suíochán.
- Táimid mórtasach go bhfuil 5 treoraithe ag obair linn, duine amháin acu sin le Gaeilge líofa agus 20 treoraithe turais réigiúnacha agus labhraíonn 7 díobh sin Gaeilge líofa.
Seirbhís i nGaeilge ar fáil
- Tá comharthaí crochta againn sna carranna atá in úsáid ag tiománaithe le Gaeilge líofa chun custaiméirí a chur ar an eolas go bhfuil an tseirbhís sin ar fáil. Tá níos mó i gceist leis seo ná díreach tús a chur le comhrá mar go bhfuilimid ag cur na Gaeilge chun cinn.

Seribhís i nGaeilge le fail uaidh na tiomanaí seo:
Brendan Melvin – Irish Speaking Driver
Mairtin O Niadh – Irish Speaking Driver
Uinsion Seoighe – Irish Speaking Driver
Frank Fahey – Irish Speaking Driver
Ciaran Mullen – Irish Speaking Driver
Joe Conneely – Irish Speaking Driver
Michael Walsh – Irish Speaking Driver
Tommy Coyne – Irish Speaking Driver
Geoff Power – Irish Speaking Driver
Liam Kelly – Irish Speaking Driver
Pat Nugent – Irish Speaking Driver
Sean O Mealoid – Irish Speaking Driver / Company Secretary
Seosamh O hAlllmhurain – Irish Speaking Driver / Marketing Director
Ciara Ní Mhealóid – Irish Speaking Dispatcher
Comharthaíocht agus Stáiseánóireacht
- Tá stáiseanóireacht, cártaí gnó agus cártaí beannachta deartha againn le “Céad Míle Fáilte” dár gcuid tiománaithe.
- Úsáideann na tiománaithe an t-ábhar dátheangach seo agus iad ag bailiú daoine ó na hAerfoirt agus ó na Stáisiúin Bhus.
- Tá duillíní dea-mhéine dhátheangacha deartha againn freisin.
- Tá an chomharthaíocht san oifig dhátheangach den chuid is mó agus spreagann muid na fostaithe leis an méid Gaeilge atá acu a úsáid.
.






DECALS – Taxi to Tascaí
- Táimid ag leanacht ar aghaidh ag tabhairt fóirdheontas do thiománaithe chun costas greamaitheoirí leis an leagan Gaeilge “Tacsaí” a úsáid ar dhoirse agus ar dhíonta na gcarranna.
- Is proiséas leanúnach é seo de réir mar atá tiománaithe ag athrú a gcuid carranna ar bhonn leanúnach. Spreagann muid ár riarthóirí seachadta ‘Slán’ a úsáid le custaiméirí agus iad ar an bhfón leo.

An Todhchaí
- Tá sé mar aidhm againn amach anseo, tuilleadh bealaí a aimsiú chun an Ghaeilge a shní isteach inár ngnó ar bhonn laethúil.
- Leanfaimid ar aghaidh ag cur in iúl don chustaiméir go bhfuil Seirbhís i nGaeilge ar fáil sa chomhlacht
- Tá córas leanúnach againn ina dtugann muid le fios don chustaiméir go bhfuil Gaeilge ag a gcuid tiománaithe
- Táimid ag obair faoi láthair ar ár suíomh gréasáin ionas gur suíomh dátheangach a bheidh ann agus lena chois sin,
- Taimid ag obair ar shuíomh gréasáin ‘Big O Tours’ agus is suíomh gréasáin dátheangach a bheidh anseo chomh maith.
Cúrsaí Turasóireachta
- Amach anseo, beidh Big O Taxis ag díriú ár n-iarrachtaí ar an turasóireacht. Creideann muid go bhfuil muid in ann an Ghaeilge a chur chun cinn go mór le turasóirí atá ag teacht go Gaillimh ó gach cearn den domhan.
- Mar sholáthraí seirbhíse, táimid i dteagmháil go díreach leis an turasóir.
- Leis an traenáil agus an t-eolas cuí, creidimid go bhfuil páirt lárnach againn i gcur chun cinn ár n-oidhreacht, ár gcultúr agus ar ndóigh an Ghaeilge.
Bealaí chun Barrfeabhais a fhorbairt le Gaillimh le Gaeilge
- Táimid chun leanúint ar aghaidh ag obair le foireann Ghaillimh le Gaeilge chun barrfeabhais a chur ar ár gcinntí ó thaobh fógraíochta agus margaíochta de ionas go mbeidh an Ghaeilge mar chuid lárnach do gach a ndéanaimid.
Meáin Sóisialta
Déanaimid ár ndícheall an Ghaeilge a chur chun cinn chomh maith agus is féidir linn ar na meáin shóisialta



